Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 48:14-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Nuair a bhí sé beo, rinne sé éachtaí,agus b'iontach freisin na nithe a rinne sé tar éis a bháis.

15. Dá ainneoin sin ní dhearna an pobal aithríná níor éiríodar as a bpeacaí,nó gur sciobadh ina gcimí óna dtír iad,agus gur scaipeadh iad ar fud an domhain;

16. Níor fágadh ach beagán den phobal,ach rialtóir acu de theaghlach Dháiví;rinne cuid acu an rud a thaitin [le Dia],ach rinne cuid eile coir ar choir.

17. Dhaingnigh Hiziciá a chathair,agus thug uisce isteach ina lár,rinne sé tollán tríd an gcarraig le hiarann,agus thóg umair don uisce.

18. Rinne Sanaichéiríb ionradh lena linn,agus sheol isteach an príomhchornaire [agus d'imigh leis];d'ardaigh sé a lámh in aghaidh Shíón,agus mhaígh go hard le teann díomais.

19. Ansin tháinig crith croí agus lámh orthu,agus bhí pianta orthu mar a bheadh ar mhná i mbreith clainne.

20. Ach ghlaoigh siad ar Thiarna na trócaire,agus leath siad a lámha ina threo;thug an Neach Naofa aird orthu gan mhoill ó neamh;agus d'fhuascail sé iad trí láimh Íseáia.

21. D'ionsaigh [án Tiarna] longfort na nAsaíreach,agus scrios a aingeal iad.

22. Óir rinne Hiziciá mar ba ghean leis an Tiarna,agus lean sé go dlúth ar bhealaí Dháiví, a athair,na bealaí a d'ordaigh Íseáia fáidhduine éachtach a bhí iontaofa ina fháistine.

23. Lena linn chuaigh an ghrian ar gcúlagus chuir sé fad le saol an rí.

24. Chonaic sé na críocha déanacha le cumhacht an spioraid,agus thug sé sólás do lucht caointe Shíón.

25. Nocht sé a raibh le teacht go bruinne an bhrátha,agus a raibh i bhfolach sular tháinig siad chun críche.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 48