1. Ansin tháinig an fáidh Éilias ar nos tine,agus a bhriathar ag bladhmadh amach mar lóchrann.
2. Thug seisean gorta orthuagus le teann díograise laghdaigh sé a líon.
3. Le briathar an Tiarna dhún sé suas na spéartha,agus tharraing sé tine anuas orthu faoi thrí chomh maith.
4. Nach glórmhar a bhí tú, a Éilias, de bharr na nithe iontacha a rinne tú!an bhfuil ábhar maíte ag aon duine eile mar atá agatsa?
5. Thóg tú duine ó mhairbhagus ó Sheól le briathar an Té is Airde.
6. Rinne tú léirscrios ar rítheagus díothú ar fhir cháiliúla ina leaba tinnis.