Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 47:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Tháinig mac eagnaí i gcomharbacht air,agus mhair sé go flaithiúil dá bharr.

13. Bhí Solamh i réim le linn síochána,agus thug Dia suaimhneas dó ar gach taobh,le go dtógfadh sé teach dá ainm,agus go n‑ullmhódh sé sanctóir le seasamh go deo.

14. Nach críonna a bhí tú i d'óige!ag cur thar maoil le tuiscint dála na habhann.

15. Ghabh d'aigne ó cheann ceann an domhain,agus líon tú é de sholaoidí agus de thomhaiseanna.

16. Shroich d'ainm oileáin san imigéinagus bhí grá duit ar son do shíochána.

17. Rinne na críocha iontas díot de bharr do laoithe,do sheanfhocal agus do sholaoidí.

18. In ainm an Tiarna Dia,ar a dtugtar Dia Iosrael,bhailigh tú ór mar a dhéanfaí stán,agus cheannaigh tú airgead mar a dhéanfaí luaidhe.

19. Ach shín tú do leasracha taobh le mná,agus cloíodh thú trí do cholainn.

20. Thug tú aithis ar do ghlóir,agus truailliú ar do shliocht,i dtreo gur thug tú cuthach ar do chlann,agus gur cúis bhróin leo do dhíth céille;

21. Scoilteadh an flaitheas ina dhá chuid,agus d'eascair ríocht easumhal as Eafráim.

22. Ach ní thréigfidh an Tiarna a thrócaire go deo,ná ní scriosfaidh aon chuid dá bhriathra go deo;ní dhíothóidh sé sliocht a thofaigh go brách,ná ní mhillfidh sé síol an té a thug grá dó;thug sé iarmhar do Iacób dá bhrí sin,agus do Dháiví fréamh dá cheap.

23. Chuaigh Solamh chun suain lena shinsiragus d'fhág duine dá chlann mar oidhre,fear ag a raibh flúirse baoise, ach é ar bheagán céille,Rachabám, ar chuir a pholasaí an pobal chun ceannairce.

24. Ansin Iarobám, mac Nabát, a thiomáin Iosrael chun an pheaca,agus a chuir Eafráim ar bhealach peacúil;mhéadaigh go héachtach ar líon a bpeacaí,rud a dhíbir iad as a seilbh.

25. Óir chuaigh siad sa tóir ar gach sórt coirpeachta,nó go dtáinig an díoltas sa mhullach orthu.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 47