1. Chuir an Tiarna fear trócaireach ar fáil as a shíol,fear ar a raibh gnaoi an uile dhuine,agus ar thug Dia agus duine grá dó,Maois a bhfuil a chuimhne faoi bheannacht.
2. Rinne sé ar aon dul i nglóir leis na naoimh é,agus mhóraigh é le scanradh a chur ar a naimhde.
3. Chuir sé deireadh le hiontais trí bhriathra [Mhaois],agus thug sé onóir dó i láthair ríthe;thug sé aitheanta dó dá phobalagus nocht dó cuid dá ghlóir.
4. Naomhaigh sé é le dílse agus le ceansacht,agus thogh é as an cine daonna uile.
5. Lig sé dó a ghlór a chlosagus sheol amach é faoin dorchacht thiubh;thug sé dó na haitheanta aghaidh ar aghaidh,agus dlí na beatha agus an fheasa,leis an gconradh a theagasc do Iacób,agus a bhreitheanna d'Iosrael.
6. D'ardaigh sé Árón, deartháir Mhaois,fear naofa mar é de threibh Léiví.
7. Rinne sé conradh síoraí leis,agus thug dó sagartacht an phobail,mhaisigh sé é le héidí taibhseacha,agus chuir fallaing ghlórmhar uime:
8. Ghléas sé é le barr maiseagus neartaigh é le comharthaí sóirt an údaráis,briste, fallaing agus éafód.
9. Chuir sé pomagránaití ina thimpeall,agus cloigíní óir go flúirseach thart air,le bualadh le gach coiscéim,i dtreo go gcloisfí a nglór sa Teampall,mar chuimhniú do chlann a mhuintire.