12. Seasann a sliocht leis na conarthaí,agus, a bhuíochas orthu, cloíonn sliocht a sleachta leo chomh maith.
13. Mairfidh a sliocht go brách,agus ní thiocfaidh meath ar a nglóir.
14. Cuireadh a gcoirp faoi shuan san úir,ach maireann a gcáil ó ghlúin go glúin.
15. Fógróidh na ciníocha a gcuid eagnaíochta,agus déanfaidh an comhthionól iad a mholadh go hard.
16. Bhí gnaoi an Tiarna ar Eineoc agus tógadh in airde é,sampla aithrí do na glúine go léir.
17. Fuarthas Naoi foirfe gan cháim;in uain na feirge rinneadh de an [ceap];trídsean a caomhnaíodh iarmhar ar talamhnuair a tháinig an díle.
18. Rinneadh conarthaí síoraí leis,nach scriosfaí an uile fheoil le díle go brách arís.
19. Ba athair mhórán ciníocha é Abrahám,agus ní bhfuarthas aon duine mar é i nglóir.
20. Chomhlíon sé dlí an té is Airde,agus chuaigh i gceangal conartha leis;dhaingnigh sé an conradh ina fheoil féin,agus nuair a promhadh é, chruthaigh sé dílis.
21. Uime sin gheall an Tiarna de bhrí na mionngo mbeannófaí na ciníocha ina shíol;go gcuirfeadh sé an rath air mar luaithreach na talún,go mórfadh sé a shliocht dála na réaltaí,go dtabharfadh sé an talamh mar oidhreacht dóibhó mhuir go muir,agus ón abhainn go críocha na cruinne.
22. Thug sé an gheallúint chéanna d'Íosác,ar son a athar Abrahám.