Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 44:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Molaimis anois fir chailiúla,na sinsir a bhí againn ó aois go haois.

2. [Thug] an Tiarna glóir mhór dóibh;tríothu a d'fhoilsigh sé a mhórgacht riamh anall.

3. Bhí ardfhlaitheas ag cuid acu ar a ríochtaíagus thuill siad clú de bharr a gcumais;bhí comhairleoirí críonna ina measc freisin,a thug oracail fháidhiúla uathu,

4. Agus fir a thug treoir don phobal lena moltaí,de thoradh a dtuisceana ar léann a muintire,agus le briathra ciallmhara a dteagaisc.

5. Bhí cuid acu ina gcumadóirí ceolta binne,agus bhreacaidís laoithe ar phár.

6. Fir shaibhre chumhachtacha ab ea cuid eile fós acu,a chaith a saol go síochánta ina n‑áitribh féin.

7. Thugadh lucht a gcomhaimsire ómós do na fir seo uile,agus ba mhór é a gclú lena ré.

8. D'fhág cuid acu dea-cháil ina ndiaidh,sa chaoi go moltar go haer iad go fóill.

9. Tá daoine eile ann, áfach, nach bhfuil aon chuimhne orthu anois,a chuaigh ar ceal faoi mar nach mbeidís riamh ann;tá siad faoi mar nár rugadh riamh iadagus is é an dála céanna é ag a gclann ina ndiaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 44