Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 43:23-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Le barr gliocais cheansaigh sé an duibheagán,agus phlandaigh oileáin air.

24. Déanann lucht seolta ar muir cur síos ar a gábha,agus líonann a dtuairiscí ár gcluasa le hiontas.

25. Mar tá iontais agus éachtaí inti,gach sórt ainmhí agus míola móra mara.

26. Is dá bharr a bhíonn [gach ní ina cheart],agus trína bhriathar a chothaítear gach ní.

27. Fág go ndéarfaimis a lán, ní bheadh deireadh fós ráite;lena chur i mbeagán focal: “Eisean an t‑iomlán.”

28. Cá bhfaighimid neart lena mholadh?Mar is mó é ná a oibreacha go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 43