Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 41:8-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Is mairg daoibhse, a éagráifeacha,a thréig dlí Dé is airde.

9. Nuair a rugadh sibh, rugadh le haghaidh mallacht sibh,agus nuair a fhaigheann sibh bás, tá mallacht i ndán daoibh.

10. Gach a dtagann as an gcré, filleann sé ar an gcré;teann na héagráifigh ón mallacht chun na díthe.

11. Caoineann daoine a mairbh,ach scriosfar drochainm na bpeacach.

12. Bí aireach i dtaobh d'ainm, mar fanfaidh sé agatníos buaine ná míle mórchiste óir.

13. Líon cinnte laethanta a mhaireann saol maith,ach maireann dea-cháil go brách.

14. Coinnígí mo theagasc, a chlann ó, agus bíodh síocháin in bhur measc;an eagna fholaigh agus an ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?

15. Is fearr an duine a cheileann a bhaoisná an duine a cheileann a eagna.

16. Uime sin bíodh urraim agat do m'fhocail,mar ní maith é gach sort náire a chothú,ná ní dhéanann gach aon duine gach cúinse a mheas ina cheart.

17. Bíodh náire ort faoi dhrúisiúlacht os comhair d'athar agus do mhathar;agus náire faoi éitheach os comhair taoisigh agus flatha;

18. Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;

19. Agus faoi éagóir i láthair chomrádaí nó carad;agus faoi ghoid i láthair do chomharsana i do thimpeall;

20. Bíodh náire ort i láthair fírinne Dé agus a chonartha;[bíodh náire ort] faoi uillinn a leagan ar an mbord;

21. Faoi a bheith ciotrúnta ag glacadh nó ag riar;faoi bheith i do thost leis an muintir a bheannaíonn duit;

22. Faoi stánadh ar mheirdreach;faoi chúl a thabhairt le duine gaoil;

23. Faoi chuid nó bronntanas duine eile a bhreith leat:faoi bheith ag suirí le bean duine eile;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 41