Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 41:5-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Is gránna an pór iad clann na bpeacachagus taithíonn siad pluaiseanna na n‑éagráifeach;

6. Rachaidh meath ar oidhreacht chlann na bpeacach,agus beidh náire bhuan ar a síol.

7. Cuirfidh a chlann milleán ar athair éagráifeachmar go mbíonn siad faoi aithis dá bharr.

8. Is mairg daoibhse, a éagráifeacha,a thréig dlí Dé is airde.

9. Nuair a rugadh sibh, rugadh le haghaidh mallacht sibh,agus nuair a fhaigheann sibh bás, tá mallacht i ndán daoibh.

10. Gach a dtagann as an gcré, filleann sé ar an gcré;teann na héagráifigh ón mallacht chun na díthe.

11. Caoineann daoine a mairbh,ach scriosfar drochainm na bpeacach.

12. Bí aireach i dtaobh d'ainm, mar fanfaidh sé agatníos buaine ná míle mórchiste óir.

13. Líon cinnte laethanta a mhaireann saol maith,ach maireann dea-cháil go brách.

14. Coinnígí mo theagasc, a chlann ó, agus bíodh síocháin in bhur measc;an eagna fholaigh agus an ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?

15. Is fearr an duine a cheileann a bhaoisná an duine a cheileann a eagna.

16. Uime sin bíodh urraim agat do m'fhocail,mar ní maith é gach sort náire a chothú,ná ní dhéanann gach aon duine gach cúinse a mheas ina cheart.

17. Bíodh náire ort faoi dhrúisiúlacht os comhair d'athar agus do mhathar;agus náire faoi éitheach os comhair taoisigh agus flatha;

18. Agus faoi choir i láthair breithimh agus rialtóra:agus faoi chionta i láthair chomhthionól an phobail;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 41