Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 41:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ná bíodh eagla ort roimh bhreith an bháis;cuimhnigh ar na laethanta a bhí agus ar chríoch do shaoil.

4. Sé seo breith an Tiarna ar gach dúil bheo,agus conas is féidir duit diúltú do chinneadh an Té is Airde?Bíodh deich nó céad nó míle bliain d'fhad saoil agat,ní chuirfear aon cheist faoi i Seól.

5. Is gránna an pór iad clann na bpeacachagus taithíonn siad pluaiseanna na n‑éagráifeach;

6. Rachaidh meath ar oidhreacht chlann na bpeacach,agus beidh náire bhuan ar a síol.

7. Cuirfidh a chlann milleán ar athair éagráifeachmar go mbíonn siad faoi aithis dá bharr.

8. Is mairg daoibhse, a éagráifeacha,a thréig dlí Dé is airde.

9. Nuair a rugadh sibh, rugadh le haghaidh mallacht sibh,agus nuair a fhaigheann sibh bás, tá mallacht i ndán daoibh.

10. Gach a dtagann as an gcré, filleann sé ar an gcré;teann na héagráifigh ón mallacht chun na díthe.

11. Caoineann daoine a mairbh,ach scriosfar drochainm na bpeacach.

12. Bí aireach i dtaobh d'ainm, mar fanfaidh sé agatníos buaine ná míle mórchiste óir.

13. Líon cinnte laethanta a mhaireann saol maith,ach maireann dea-cháil go brách.

14. Coinnígí mo theagasc, a chlann ó, agus bíodh síocháin in bhur measc;an eagna fholaigh agus an ciste i bhfolach -cén tairbhe ceachtar díobh?

15. Is fearr an duine a cheileann a bhaoisná an duine a cheileann a eagna.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 41