Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 41:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Agus faoi éagóir i láthair chomrádaí nó carad;agus faoi ghoid i láthair do chomharsana i do thimpeall;

20. Bíodh náire ort i láthair fírinne Dé agus a chonartha;[bíodh náire ort] faoi uillinn a leagan ar an mbord;

21. Faoi a bheith ciotrúnta ag glacadh nó ag riar;faoi bheith i do thost leis an muintir a bheannaíonn duit;

22. Faoi stánadh ar mheirdreach;faoi chúl a thabhairt le duine gaoil;

23. Faoi chuid nó bronntanas duine eile a bhreith leat:faoi bheith ag suirí le bean duine eile;

24. Faoi bheith ag cur isteach ar a dhaoirseach,- fan amach óna leaba;

25. Faoi achasáin i láthair do chaired- ná bíodh tarcaisne mar eireaball le do thabhartas;

26. Faoi bheith ag cardáil agus ag suainseanagus ag sceitheadh rún.

27. Ansin tuigfidh tú cad is náire ann dáiríre,agus beidh fabhar ó chách agat.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 41