6. Is ar éigean a bhíonn sé imithe chun suain,nuair a shuaitear é trína chodladh ag taibhsí ina aigne,amhail is dá mba [é lár an lae é];is cuma é nó fear ag teitheadh ó chath;
7. Dúisíonn sé ar noiméad a fhuascailteagus ionadh air nach raibh bonn lena scéin.
8. An uile dhúil, idir dhuine agus ainmhí,- agus seacht n‑uaire níos measa ná sin na peacaigh,
9. Sé tá i ndán dóibh: bás, doirteadh fola, achrann, claíomh,tubaistí, gorta, trioblóid agus plá.
10. Do na coirpigh a cruthaíodh na nithe sin go léir,agus tháinig an díle dá mbarr.
11. Gach a dtagann ón gcré, filleann siad ar an gcré;gach a dtagann ón uisce, filleann siad ar an bhfarraige.
12. Scriosfar gach breabaireacht agus éagóir,ach mairfidh an iontaoibh go brách.
13. Rachaidh saibhreas na n‑éagórach i ndísc mar an tulca,agus pléascfaidh sé mar thoirneach mhór bháistí.
14. Cuirfear áthas ar an [bhfear croí mhóir],ach teipfidh glan ar lucht an iomarbhais.
15. Beidh ceapa na n‑éagráifeach ar bheagán géag;fréamhacha míghlana iad ar charraig mhaol.
16. Déanfar an ghiolcach le hais gach locha agus abhanna staitheadh roimh aon fhéar.