Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 40:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Tuilleann clann agus bunú cathrach cáil do dhuine,ach áirítear bean gan cháim thar aon cheann díobh.

20. Cuireann fíon agus ceol áthas ar an gcroí,ach is fearr grá don eagna ná ceachtar acu.

21. Cuireann an phíb agus an chruit le binneas amhráin,ach is fearr guth binn ná ceachtar acu.

22. Is maith leis an tsúil scéimh agus maise,ach is fearr léi an geamhar ná ceachtar acu.

23. Is tráthúil i gcónaí é bualadh le cara nó le comrádaí,ach is fearr ná ceachtar acu dála an fhir agus a chéile.

24. D'uain an anró deartháireacha nó lámh chúnta,ach is fearr an déirc chun tarrthála ná ceachtar acu.

25. Teannta daingean don chois ór agus airgead,ach is fearr dea-chomhairle ná ceachtar acu.

26. Tugann maoin agus neart ardú croí,ach is fearr eagla an Tiarna ná ceachtar acu;ní ghabhann cailliúint le heagla an Tiarna,agus ní gá cabhair a lorg ina teannta.

27. Is cuma nó parthas beannaithe eagla an Tiarna,agus is fearr a chludaíonn sí duine ná aon ghlóir.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 40