Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 40:11-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Gach a dtagann ón gcré, filleann siad ar an gcré;gach a dtagann ón uisce, filleann siad ar an bhfarraige.

12. Scriosfar gach breabaireacht agus éagóir,ach mairfidh an iontaoibh go brách.

13. Rachaidh saibhreas na n‑éagórach i ndísc mar an tulca,agus pléascfaidh sé mar thoirneach mhór bháistí.

14. Cuirfear áthas ar an [bhfear croí mhóir],ach teipfidh glan ar lucht an iomarbhais.

15. Beidh ceapa na n‑éagráifeach ar bheagán géag;fréamhacha míghlana iad ar charraig mhaol.

16. Déanfar an ghiolcach le hais gach locha agus abhanna staitheadh roimh aon fhéar.

17. Is cuma an chneastacht nó gairdín beannachtaíagus mairfidh an déirc go brách.

18. Tá saol taitneamhach ag fear an tsaibhris agus ag fear na hoibre;ach is fearr fós ná iad araon mar atá ag an té a fhaigheann fáltas maoine.

19. Tuilleann clann agus bunú cathrach cáil do dhuine,ach áirítear bean gan cháim thar aon cheann díobh.

20. Cuireann fíon agus ceol áthas ar an gcroí,ach is fearr grá don eagna ná ceachtar acu.

21. Cuireann an phíb agus an chruit le binneas amhráin,ach is fearr guth binn ná ceachtar acu.

22. Is maith leis an tsúil scéimh agus maise,ach is fearr léi an geamhar ná ceachtar acu.

23. Is tráthúil i gcónaí é bualadh le cara nó le comrádaí,ach is fearr ná ceachtar acu dála an fhir agus a chéile.

24. D'uain an anró deartháireacha nó lámh chúnta,ach is fearr an déirc chun tarrthála ná ceachtar acu.

25. Teannta daingean don chois ór agus airgead,ach is fearr dea-chomhairle ná ceachtar acu.

26. Tugann maoin agus neart ardú croí,ach is fearr eagla an Tiarna ná ceachtar acu;ní ghabhann cailliúint le heagla an Tiarna,agus ní gá cabhair a lorg ina teannta.

27. Is cuma nó parthas beannaithe eagla an Tiarna,agus is fearr a chludaíonn sí duine ná aon ghlóir.

28. Ná tuill do bheatha mar fhear déirce, a mhic ó;is fearr an bás ná bheith beo ar dhéirc.

29. Ní féidir saol an té a mbíonn a shúil ar bhord duine eilea mheas ina shaol ar aon chor;truaillíonn sé é féin le bia duine eile;sheachnódh fear eolgaiseach dea-thógtha a leithéid.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 40