Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 38:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Nuair a bhíonn tú tinn, a mhic ó, na tagadh drochmhisneach ort;ach guigh chun an Tiarna agus leigheasfaidh sé thú.

10. Scoir de do lochtaí agus ná claon do ghéaga;glan do chroí ó gach peaca.

11. Ofráil túis agus cuimhneachán de mhin mhín,agus doirt ola ar d'íobairt de réir d'acmhainne.

12. Ansin fág faoin lia é, mar sé an Tiarna a chruthaigh é,agus ná himíodh sé uait óir tá gá agat leis.

13. Uaireanta is leo a bhíonn an séan,

14. Mar guífidh siadsan freisin chun an Tiarna,le go gcuirfeadh sé faoiseamh ar a gcumas,agus leigheas leis an mbeatha a chaomhnú.

15. An té a pheacaíonn i láthair a chruthaitheora,go dtite sé faoi chúram lia.

16. Titeadh de dheora, a mhic ó, ar son an mhairbh,agus cuir ceann ar an gcaoineadh lena thaispeáint gur goirt é do chumha;cuir a chorp faoi chlár leis an ómós is dual dó,agus ná déan faillí ina uaigh.

17. Bíodh do ghol go goirt agus d'olagón géar;comhlíon an caoineadh mar is dual don mharbh,ar feadh lae nó dhó le heagla casaoide,agus ansin glac le sólás de bharr do bhróin;

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 38