Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 38:26-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

26. Bíonn a chroí dírithe ar scríoba a threabhadh,agus é gafa le beathú a chuid beithíoch.

27. Mar an gcéanna le gach ceardaí agus máistir ceirde;bíonn sé ag obair leis de lá agus d'oíche;lucht greanta séalaí, bíonn gach duine díobh cíocrachchun gréasáin nua a cheapadh;caitheann sé a dhúthracht ag tarraingt íomhá beoga,agus sé a chúram an clabhsúr a chur ar a shaothar.

28. Sé an dála céanna é ag an ngabha ina shuí le hais a inneona,agus é díograiseach i mbun saothar iarainn;déanann an gal ón tine a chneas a ghríosadh,agus bíonn sé ag broic le teas ón sorn;tugann sé cluas do cheol an chasúir,agus a shúile ar ghréasán a shaothair;bíonn a chroí socair ar chlabhsúr a chur ar a chuid oibre,agus é cáiréiseach á maisiú go beacht.

29. Sé an dála céanna é ag an gcriadóir ina shuí le hais a shaothair,é ag casadh an rotha lena chosa,agus é gafa ar fad lena chuid oibre,agus gach rud a dhéanann sé tomhaiste go cruinn.

30. Brúnn sé an chré lena láimh,agus pasálann sé í faoina chosa;caitheann sé a dhúthracht le líomhadh agus snas,agus bíonn sé cáiréiseach ag glanadh an tsoirn.

31. Chuir siad seo go léir a muinín ina lámha,agus tá gach duine díobh oilte ina ghnó féin.

32. Gan iad, ní thógfaí cathair,ní bheadh áitreabh ná cónaí.

33. Ní bhítear á lorg ámh do chomhairle an phobail,ná ní bhíonn gradam acu sa chomhthionól;ní shuíonn siad i suí an bhreithiúnais,ná ní thuigeann siad breith na cúirte.

34. Ní bhíonn bua léinn ná breithiúnais acu,ná ní bhfaightear iad ag nathaireacht;ach is iad a dhaingníonn an chruinne ché,agus bíonn a nguí ag plé le cleachtadh a gceirde.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 38