Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 38:23-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Nuair a théann an marbh chun suain téadh a chuimhneachán chun suain chomh maith;glac le sólás ina thaobh nuair a imíonn an dé as.

24. Tá eagna an scríobhaí ag brath ar shaoire ó obair;an té atá ar bheagán cúraim, éireoidh sé eagnaí.

25. Conas a d'éireodh fear an chéachta eagnaí,agus gurb é sá an bhroid a ábhar maite,go seolann sé ba agus go mbíonn sé gafa ina mbun,agus gur eallach amháin a ábhar cainte?

26. Bíonn a chroí dírithe ar scríoba a threabhadh,agus é gafa le beathú a chuid beithíoch.

27. Mar an gcéanna le gach ceardaí agus máistir ceirde;bíonn sé ag obair leis de lá agus d'oíche;lucht greanta séalaí, bíonn gach duine díobh cíocrachchun gréasáin nua a cheapadh;caitheann sé a dhúthracht ag tarraingt íomhá beoga,agus sé a chúram an clabhsúr a chur ar a shaothar.

28. Sé an dála céanna é ag an ngabha ina shuí le hais a inneona,agus é díograiseach i mbun saothar iarainn;déanann an gal ón tine a chneas a ghríosadh,agus bíonn sé ag broic le teas ón sorn;tugann sé cluas do cheol an chasúir,agus a shúile ar ghréasán a shaothair;bíonn a chroí socair ar chlabhsúr a chur ar a chuid oibre,agus é cáiréiseach á maisiú go beacht.

29. Sé an dála céanna é ag an gcriadóir ina shuí le hais a shaothair,é ag casadh an rotha lena chosa,agus é gafa ar fad lena chuid oibre,agus gach rud a dhéanann sé tomhaiste go cruinn.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 38