Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 34:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is iomaí duine a mheall brionglóidí,agus theip orthu siúd a chuir a muinín iontu.

8. Comhlíonfar an dlí gan bhréagaireacht,agus is é béal na fírinne a chuireann barr maise ar an eagna.

9. Bíonn a lán ar eolas ag fear mórthaistil,agus labhróidh fear na mórthaithí go ciallmhar.

10. Is beag a bhíonn ar eolas ag an duine gan taithí,ach an té a rinne taisteal bíonn sé ildánach.

11. Is iomaí rud a chonaic mé ar mo chamchuarda,agus fuair mé tuiscint thar mar a fhéadaim a chur i bhfocail.

12. Is minic a bhí mé i mbaol m'anama,ach tháinig mé slán dá mbarr siúd.

13. Mairfidh spiorad lucht eagla an Tiarna,mar tá a ndóchas sa té a fhuasclóidh iad.

14. An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, ní bheidh sé cúthail;ní bheidh drochmhisneach air, mar gurb eisean a dhóchas.

15. Is méanar do mheanma an té ar a bhfuil eagla an Tiarna;cé air a bhfuil sé ag brath? cé is taca dó?

16. Tá súile an Tiarna orthu siúd a thugann grá dó;Is dídean thréan é agus teannta láidir;is fothain é ón ngaoth the agus scáth ó ghrian an mheanlae,is cosaint é ar an mbarrthuisle agus lámh chunta in aghaidh titim.

17. Ardaíonn sé an t‑anam agus tugann solas do na súile;bronnann sé leigheas agus beatha agus beannacht.

18. Muga maga is ea íobairt d'ofráil a fuarthas go héagórach;ní dual glacadh le bronntanas na gcoirpeach.

19. Ní gean leis an Té is Airde ofrálacha na n‑éagráifeach,agus ní dhéanann raidhse ofrálacha leorghníomh leis i bpeacaí.

20. Is cuma nó mac a bhású os comhair súile a athar,íobairt a ofráil as cuid na mbocht.

21. Beagán bia is beatha don bhocht,agus an té a thógann chun siúil é, is lámh dhearg é.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 34