17. Ardaíonn sé an t‑anam agus tugann solas do na súile;bronnann sé leigheas agus beatha agus beannacht.
18. Muga maga is ea íobairt d'ofráil a fuarthas go héagórach;ní dual glacadh le bronntanas na gcoirpeach.
19. Ní gean leis an Té is Airde ofrálacha na n‑éagráifeach,agus ní dhéanann raidhse ofrálacha leorghníomh leis i bpeacaí.
20. Is cuma nó mac a bhású os comhair súile a athar,íobairt a ofráil as cuid na mbocht.
21. Beagán bia is beatha don bhocht,agus an té a thógann chun siúil é, is lámh dhearg é.
22. An té a bhaineann a shlí bheatha dá chomharsa, maraíonn sé é;an té a bhaineann a thuarastal den fhear oibre, doirteann sé fuil.
23. Má thógann duine ach go leagann duine eile,cad a bhíonn dá bharr acu ach a dhua?
24. Má ghuíonn duine ach go mallaíonn duine eile,cén glór lena n‑éistfidh an máistir?
25. Má níonn duine é féin tar éis baint le corpán,ach go mbaineann sé leis arís,cad a bhíonn aige de bharr a ionlaithe?
26. Sé an dála céanna é ag an té a dhéanann troscadh ar son a pheacaí,má imíonn sé agus na peacaí céanna a dhéanamh arís,cé thabharfaidh cluas dá ghuí,agus cad a bheidh aige de bharr a umhlaithe?