1. Leis an daoi a bhaineann dóchas folamh bréagach;cuireann brionglóidí sceitimíní ar ghliogairí.
2. Is cuma muinín a chur i mbrionglóidínó greim a bhreith ar scáileanna nó rith i ndiaidh na gaoithe.
3. Is mar a chéile brionglóid [agus scathán],cosúlacht na gceannaithe os comhair na gceannaithe;
4. Cad a ghlanfar trí mhíghlaine?Cad a fhíorófar trí bhréag?
5. Níl in asarlaíocht, i dtuartha, agus i mbrionglóidí, ach baois,mar speabhraídí mná in íona.
6. Mura seoltar iad mar fhiosrú ón Té is Airde,ná tabhair aird ar bith orthu.
7. Is iomaí duine a mheall brionglóidí,agus theip orthu siúd a chuir a muinín iontu.