Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 33:24-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. An lá a thagann do shaol chun críche,ar uair an bháis, ansin roinn d'oidhreacht.

25. Foráiste, bataí agus ualaí don asal;arán, smacht, agus saothar don daor.

26. Fág an obair faoin daorán agus tóg féin go bog é;má fhágann tú a lámha gan ghnó, rachaidh sé ar lorg na saoirse.

27. Déanfaidh cuing agus gad an muineál a chromadh;don daor urchóideach tá ceapa agus pianta.

28. Cuir ag obair é chun nach n‑eireodh sé díomhaoin;múineann an díomhaointeas a lán urchóide.

29. Cuir chun saothair é mar is dual;mura ngéilleann sé, cuir meáchan lena gheimhle.

30. Ná héiligh an iomad ó aon duine,agus ná déan aon bheart éaganta.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 33