1. Tugann fear na trócaire a dhéanamh iasacht dá chomharsa,agus an té a thugann lámh chúnta dó, comhlíonann sé na haitheanta.
2. Tabhair iasacht do do chomharsa in am a ghátair,agus arís tabhair ar ais don chomharsa in am trátha.
3. Déan beart de réir do bhriathair agus ná loic air,agus ar gach ócáid gheobhaidh tú a mbeidh de dhíth ort.
4. Is dóigh lena lán gur fáltas í an iasacht,agus bíonn siad ag cur as dá lucht cúnta.
5. Déanfaidh duine lámh a phógadh nó go bhfaighidh sé an ailpagus beidh sé ag caint de ghlór íseal faoi mhaoin a chomharsan;ag am an aisíoctha, déanfaidh sé moill;íocfaidh sé le focail gan aird,agus déanfaidh gearán faoin am.
6. Má bhrúnn [an t‑iasachtóir] air, is ar éigean a gheobhaidh sé a leath ar ais,agus is geall le fáltas dar leis an méid sin.Ach mura ndéanann, fágfar in éagmais a choda é,agus beidh namhaid gnóthaithe aige in aisce;déanfaidh mo dhuine aisíoc leis le mallachtaí agus asacháin,agus in áit na hurraime, tabharfaidh sé masla dó.
7. De bharr a leithéid sin de choirpeacht, dhiúltaigh a lán iasacht a thabhairt;níl ann ach nach áil leo go meallfaí iad gan chúis.