19. Níl san oideachas don duine gan éirim, ach mar laincis faoina chosa,nó mar chuibhreach ar a láimh dheas.
20. Gáireann an t‑amadán in ard a ghutha,ach tagann meangadh gáire go réidh ar an duine stuama.
21. Is cuma nó ornáid óir an t‑oideachas don duine géarchúiseach,nó bráisléad ar a láimh dheas.
22. Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach,ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.
23. Bíonn an dúr ag gliúcaíl tríd an doras isteachach seasann an duine múinte lasmuigh.
24. Mímhúineadh is ea a bheith ag cúléisteacht ag doras;chuirfeadh a leithéid náire ar dhuine tuisceanach.
25. Beidh focail daoine eile ar a mbéal [ag lucht na cúlchainte],déanfar focail lucht na tuisceana a mheá go cruinn.
26. Tá aigne na n‑amadán ina mbéal;agus tá smaointe na saoithe ar a mbeola.
27. Nuair a chuireann an t‑éagráifeach mallacht ar a [namhaid],cuireann sé mallacht ar a anam féin.
28. Déanann an béadánaí é féin a tháiriú,agus tugann a chomharsa fuath dó.