Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 19:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní éireoidh oibrí meisciúil saibhir choíche;an té a dhéanann faillí i nithe beaga, titfidh sé beagán ar bheagán.

2. Cuireann fíon agus mná saoithe amú;éiríonn fear taithithe meirdreach an-mhínáireach.

3. Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;agus an té atá gan náire, caillfear é.

4. Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.

5. An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;

6. An té a smachtaíonn a theanga, mairfidh sé gan bhuaireamh)agus an té ar beag leis béadán, seachnaíonn sé an t‑olc.

7. Ná scaoil scéal,agus ní baol duit;

8. Ná hinis do chara ná do namhaid é,agus ná foilsigh é, muran peaca a mhalairt.

9. Óir chloisfeadh duine éigin thú, agus bheifí ag faire ort,agus, in am trátha, thabharfaí fuath duit.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 19