Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 19:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní éireoidh oibrí meisciúil saibhir choíche;an té a dhéanann faillí i nithe beaga, titfidh sé beagán ar bheagán.

2. Cuireann fíon agus mná saoithe amú;éiríonn fear taithithe meirdreach an-mhínáireach.

3. Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;agus an té atá gan náire, caillfear é.

4. Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.

5. An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;

6. An té a smachtaíonn a theanga, mairfidh sé gan bhuaireamh)agus an té ar beag leis béadán, seachnaíonn sé an t‑olc.

7. Ná scaoil scéal,agus ní baol duit;

8. Ná hinis do chara ná do namhaid é,agus ná foilsigh é, muran peaca a mhalairt.

9. Óir chloisfeadh duine éigin thú, agus bheifí ag faire ort,agus, in am trátha, thabharfaí fuath duit.

10. An bhfuair tú gaoth an fhocail? Buail cos air!Bíodh misneach agat! Ní phléascfaidh sé thú!

11. Bíonn an daoi in íona le scéal a chloiseann sémar a bhíonn bean i mbreith clainne.

12. Mar a bheadh saighead i bhfeoil na ceathrún,sin mar atá scéal i mbolg an daoi.

13. Cuir ceist ar chara; b'fhéidir nach ndearna sé aon ní;ach má rinne sé aon ní, ná déanadh sé go deo arís é.

14. Cuir ceist ar do chomharsa; b'fhéidir nár dhúirt sé aon ní;ach má dúirt sé é, ná habradh sé arís é.

15. Cuir ceist ar chara, mar is minic gur tromaíocht é;ná creid, más ea, gach a gcloisfidh tú.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 19