Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 19:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ní éireoidh oibrí meisciúil saibhir choíche;an té a dhéanann faillí i nithe beaga, titfidh sé beagán ar bheagán.

2. Cuireann fíon agus mná saoithe amú;éiríonn fear taithithe meirdreach an-mhínáireach.

3. Beidh sé mar oidhreacht ag brocamas agus ag cruimheanna;agus an té atá gan náire, caillfear é.

4. Duine gan stuaim an té a chuireann a mhuinín i ndaoine ar an toirt;an té a dhéanann peaca, déanann sé díobháil dó féin.

5. An té a dhéanann lúcháir faoin [olc], daorfar é,(ach an té a dhiúltaíonn don phléisiúr, cuireann sé coróin ar a shaol;

6. An té a smachtaíonn a theanga, mairfidh sé gan bhuaireamh)agus an té ar beag leis béadán, seachnaíonn sé an t‑olc.

7. Ná scaoil scéal,agus ní baol duit;

8. Ná hinis do chara ná do namhaid é,agus ná foilsigh é, muran peaca a mhalairt.

9. Óir chloisfeadh duine éigin thú, agus bheifí ag faire ort,agus, in am trátha, thabharfaí fuath duit.

10. An bhfuair tú gaoth an fhocail? Buail cos air!Bíodh misneach agat! Ní phléascfaidh sé thú!

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 19