19. Tá a n‑oibreacha go léir ar nós na gréine os a chomhair,agus tá a shúile de shíor ar a slite.
20. Níl a gcionta i bhfolach uaidh,tá a bpeacaí go léir os comhair an Tiarna.
21. (Is maith é an Tiarna, agus is eol dó a chréatúirí;ní dhéanann sé iad a scriosadh ná a thréigean, ach iad a choigilt.)
22. Is cuma déirc duine nó fáinne séala os comhair [an Tiarna];déanann sé féile duine a chaomhnú mar mhac imreasan a shúl.
23. Éireoidh sé ina dhiaidh seo agus déanfaidh sé aisíoc leo;tabharfaidh sé luach a saothair sa mhullach orthu.
24. Ligeann [Dia] do lucht na haithrí filleadh air,agus cuireann sé misneach ar na daoine a bhfuil a ndóchas ag meath.
25. Iompaigh chun an Tiarna agus fág do pheacaí i do dhiaidh;guigh os a chomhair agus laghdaigh do choir.
26. Fill ar ais ar an Té is Airde agus tabhair do chúl leis an urchóid,agus bíodh an dearg-ghráin agat ar an ngráiniúlacht.
27. Cé chanfaidh moltaí don Té is Airde i Seólmura ndéanann na beo é a thugann glóir dó?
28. Ní mó an moladh a fhaightear ó na mairbh ná ó dhaoine nach bhfuil ann chor ar bith.Is é an duine beo folláin ar féidir leis an Tiarna a mholadh.
29. Nach mór é trócaire an Tiarna,agus an maithiúnas a thugann sé dóibh siúd a iompaíonn chuige.