14. Dúirt sé leo: “Seachnaígí an uile shaghas urchóide”;agus thug sé aithne do gach duine díobh i dtaobh a chomharsan.
15. Bíonn a mbealaí i gcónaí os a chomhair;ní cheilfear óna shúile iad.
16. (Tá a mbealaí ag seoladh chun na hurchóide óna n‑óige;ní féidir leo an croí cloiche úd a mhalartú ar chroí feola;
17. Óir, ag roinnt ciníocha na cruinne dó) cheap sé rialtóir ar gach cine;ach sé Iosrael cuid an Tiarna féin.
18. (Sé a chéadghin é, a oileann sé le smacht,ar a mbronnann sé solas a ghrá gan é a threigean.)
19. Tá a n‑oibreacha go léir ar nós na gréine os a chomhair,agus tá a shúile de shíor ar a slite.
20. Níl a gcionta i bhfolach uaidh,tá a bpeacaí go léir os comhair an Tiarna.
21. (Is maith é an Tiarna, agus is eol dó a chréatúirí;ní dhéanann sé iad a scriosadh ná a thréigean, ach iad a choigilt.)
22. Is cuma déirc duine nó fáinne séala os comhair [an Tiarna];déanann sé féile duine a chaomhnú mar mhac imreasan a shúl.
23. Éireoidh sé ina dhiaidh seo agus déanfaidh sé aisíoc leo;tabharfaidh sé luach a saothair sa mhullach orthu.
24. Ligeann [Dia] do lucht na haithrí filleadh air,agus cuireann sé misneach ar na daoine a bhfuil a ndóchas ag meath.
25. Iompaigh chun an Tiarna agus fág do pheacaí i do dhiaidh;guigh os a chomhair agus laghdaigh do choir.
26. Fill ar ais ar an Té is Airde agus tabhair do chúl leis an urchóid,agus bíodh an dearg-ghráin agat ar an ngráiniúlacht.