Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 17:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chruthaigh an Tiarna an duine as an talamh,agus chas sé ar ais uirthi é.

2. Thug sé an áirithe sin laethanta dóibh mar théarma saoil,agus thug sé údarás dóibh ar a raibh ar talamh.

3. Bhronn sé neart orthu mar a neart féinagus rinne sé iad de réir a dheilbhe féin.

4. Thug sé ar gach ní beo eagla a ghlacadh rompu,agus rinne sé máistrí díobh ar bheithígh agus ar éanlaith.

5. (Fuair siad feidhm na gcúig chumhacht ón Tiarna, agus, mar shéú ceann,roinnt den intleacht, agus, mar sheachtú, an réasún a mhíníonn a chumhachtaí.)

6. Dhealbhaigh sé béal, teanga, súile agus cluasa dóibhagus croí chun machnamh a dhéanamh.

7. Líon sé iad le heolas agus le tuiscintagus thaispeáin sé dóibh an mhaith agus an t‑olc.

8. Chuir sé a sholas féin ina gcroí,chun mórgacht a oibreacha féin a léiriú dóibh.

9. (Chuir sé ar a gcumas a éachtaí féin a ghlóiriú go brách.)

10. Molfaidh siad a ainm naofachun a chuid gníomhartha glórmhara a fhógairt don saol.

11. Bhronn sé orthu bua na tuisceana,agus thug sé dlí na beatha dóibh mar oidhreacht.

12. Rinne sé conradh síoraí leo,agus d'fhoilsigh sé dóibh a bhreitheanna.

13. Chonaic a súile a mhórgacht ghlórmhar,agus chuala a gcluasa glóir a ghutha.

14. Dúirt sé leo: “Seachnaígí an uile shaghas urchóide”;agus thug sé aithne do gach duine díobh i dtaobh a chomharsan.

15. Bíonn a mbealaí i gcónaí os a chomhair;ní cheilfear óna shúile iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 17