Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 11:23-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Ná habair: “Cad tá de dhíth orm,agus cén rath a bheidh orm as seo amach?”

24. Ná habair: “Níl beann agam ar aon duine,agus cén donas atá le teacht orm as seo amach?”

25. Lá an tséin bíonn dearmad ar an mírath,agus lá an mhíratha bíonn dearmad ar an séan.

26. Ní aon nath é i láthair an Tiarnaluach saothair a thabhairt do dhuine lá a bháis de réir a bheart.

27. Cuireann mí-ádh uaire sonas ó chuimhne;foilseofar bearta duine ag deireadh a shaoil.

28. Ná habair gur méanar d'aon duine roimh bhás dó;is trína chlann a aithneofar an duine.

29. Ná tabhair an saol mór abhaile leat,óir is líonmhar iad cleasa an duine ghlic.

30. Tá aigne an uaibhrigh mar an bpatraisc bhréige i gcliabh;agus tá sé ag faire na faille ort dála an spiaire.

31. Téann sé i luíochán agus déanann olc den mhaith;caithfidh sé asachán ar bhearta fiúntacha.

32. As sméaróid aonair, is iomaí spré a adhntar:agus bíonn an peacach i luíochán ag súil le fuil a dhoirteadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 11