Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 11:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Tá ainniseoir eile ann agus cabhair á lorg aige;tá neart de dhíth air, agus an bhochtaine ar snámh air;ach tá súil an Tiarna air le gnaoi,agus ardaíonn sé é as clais na hainnise,

13. Agus tugann sé ardú cinn dó,rud a chuireann alltacht ar a lán.

14. Sonas agus donas, beatha agus bás,bochtaine agus saibhreas, is ón Tiarna a thagann siad.

15. (Is ón Tiarna a thagann an eagna, tuiscint, agus eolas ar an dlí;Is uaidh an déirc agus bealaí na ndea-oibreacha;

16. Cruthaíodh an seachrán agus an dorchadas mar aon leis na peacaigh;rachaidh an t‑olc in aois leo siúd a bhaineann taitneamh as an olc.)

17. Maireann tabhartas an Tiarna do na fíréin,agus beidh rith an rása go brách leis an ní is gean leis.

18. Éiríonn fear saibhir le barr díchill agus sprionlaitheachta,agus seo é an luach saothair is dual dó:

19. Nuair a deir sé: “Tá suaimhneas faighte agam,agus anois is féidir dom sásamh a bhaint as mo mhaoin,”ní eol dó cén fad a mhairfidh an scéal amhlaidh,agus go bhfágfaidh sé ag daoine eile í, agus go bhfaighidh sé bás.

20. Cloígh le do mhargadh, agus bain taitneamh as;agus téigh in aois i mbun do ghnó.

21. Ná cuireadh éachtaí an pheacaigh ionadh ort,ach bíodh muinín agat as an Tiarna agus lean ort le do shaothar;mar ní aon dua é i súile an Tiarnabochtán a shaibhriú go tobann gan choinne.

22. Bíonn beannacht an Tiarna mar luach saothair ag an bhfíréan,agus cuireann Dia bláth ar a bheannacht gan mhoill.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 11