Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 10:12-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. An Tiarna a thréigean is tosach ag uabhar an duine;óir bíonn a chroí scartha lena chruthaitheoir.

13. An peaca tús an uabhair,agus an té a chloíonn leis, sceithfidh a bhrocamas as;uime sin is ea a thug an Tiarna na trioblóidí aisteacha sa mhullach orthu,agus scrios sé glan amach iad.

14. Leag an Tiarna cathaoireacha na rialtóirí ar láragus chuir lucht na huirísle ina suí ina n‑áit.

15. Rinne an Tiarna na ciníocha a staitheadh óna bhfréamhacha,agus phlandaigh sé lucht na humhlaíochta ina n‑áit.

16. Bhris an Tiarna ar chríocha na gciníocha,agus scrios sé iad go máithreacha na cruinne.

17. Rug sé cuid díobh ar shiúl agus mhill sé iad,agus scrios sé a gcuimhne de chlár na talún.

18. Níor cruthaíodh an t‑uabhar don duine,ná fraoch feirge do shíol na mban.

19. Cén cine is díol urraime? An cine daonna.Cén cine is díol urraime? An mhuintir lenarb eagal an Tiarna.Cén cine is díol easonóra? An cine daonna.Cén cine is díol easanóra? An mhuintir a bhriseann na haitheanta.

20. Is díol urraime an ceannasaí i measc a bhráithre,agus an mhuintir arb eagla leo an Tiarna, is fiú iad onóir ina láthair.

21. (Tús na céime ar aghaidh, eagla an Tiarna;ach tús an diúltaithe, ceanndáine agus uabhar.)

22. An saibhir, an t‑iomráiteach, agus an bochtán- gurb é eagla an Tiarna a mórtas!

23. Ní cóir easonóir a thabhairt don bhochtán eagnaí,ná ní cuí peacach a onórú.

24. Tabharfar onóir don uasal, don bhreitheamh, don fhlaith,ach ní mó aon duine díobh ná an té arb eagal leis an Tiarna.

25. Beidh saoránaigh ag fónamh do dhaorán ciallmhar,agus ní bheidh fear na tuisceana ag gearán.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 10