Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Síorach 10:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Déanfaidh an giúistís críonna a phobal a theagasc,agus beidh eagar ar riail an eagnaí.

2. Mar a bhíonn ag an ngiúistís, is mar sin a bhíonn ag a fheidhmeannaigh,mar a bhíonn ag rialtóir na cathrach, is mar sin a bhíonn ag a háitritheoirí go léir.

3. Déanfaidh an rí gan oiliúint a phobal a scriosadh,ach fásfaidh cathair trí thuiscint a flatha.

4. Tá ceannas na cruinne i láimh an Tiarna,agus cuirfidh sé an fear cuí ina feighil in am trátha.

5. Tá séan an duine i láimh an Tiarna,agus bronnann sé a ghlóir ar phearsa an scríobhaí.

6. Ná bí i bhfearg le do chomharsa faoi gach éagóir,agus ná déan beart choíche le teann feirge.

7. Is gráin leis an Tiarna agus leis an duine an t‑uabhar,agus is fuath leo araon an éagóir.

8. Téann flaitheas ó chine go cinede bharr éagóra, uabhair, agus airgid.

9. Céard a bhéarfadh éirí in airde ar an té nach bhfuil ann ach cré agus luaithreach?óir fiú i gcaitheamh a shaoil tagann faoina ionathar.

10. Déanann breoiteach fhada ceap magaidh den lia;an té is rí inniu, beidh a ré caite amárach.

11. Tar éis bháis do dhuine,gheobhaidh péisteanna, ainmhithe fiáine,agus cruimheanna é mar oidhreacht.

12. An Tiarna a thréigean is tosach ag uabhar an duine;óir bíonn a chroí scartha lena chruthaitheoir.

13. An peaca tús an uabhair,agus an té a chloíonn leis, sceithfidh a bhrocamas as;uime sin is ea a thug an Tiarna na trioblóidí aisteacha sa mhullach orthu,agus scrios sé glan amach iad.

14. Leag an Tiarna cathaoireacha na rialtóirí ar láragus chuir lucht na huirísle ina suí ina n‑áit.

15. Rinne an Tiarna na ciníocha a staitheadh óna bhfréamhacha,agus phlandaigh sé lucht na humhlaíochta ina n‑áit.

Léigh chaibidil críochnaithe Síorach 10