Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 5:8-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi;agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,

9. Nó imeoidh d'onóir le daoine eileagus blianta do shaoil le duine gan trócaire,

10. Agus cothófar coimhthígh ar do chuid,rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,

11. Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil,nuair a bheidh do cholainn is d'fheoil caite;

12. Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht!agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.

13. Níor éist mé le glór mo mháistrí,ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.

14. Táim anois in umar na haimléisei bhfianaise an chomhthionóil go léir.”

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 5