Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Grá an Eagnaí

1. A mhic, tabhair aird ar m'eagna,agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte.

2. Le go mbeadh críonnacht agus eolas do do chosaint,agus iad mar gharda ar do bheola.

3. [Ná tóg aon cheann de bhean bhaoth,]óir tá mil ar sileadh le beola an strainséir mná seoagus is míne a beola ná ola.

4. Ach níl de thoradh orthu ach mar a bheadh mormónta searbh,chomh géar le claíomh dhá fhaobhar.

5. Gabhann a cosa síos chun an bháis,agus seolann a céimeanna síos chun Seól;

6. In áit bealach na beatha a leanúint,gabhann sí bealaí fáin gan stuaim.

7. Éist liomsa anois, [a mhic],agus ná scar le briathra mo bhéil.

8. Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi;agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,

9. Nó imeoidh d'onóir le daoine eileagus blianta do shaoil le duine gan trócaire,

10. Agus cothófar coimhthígh ar do chuid,rachaidh do shaothar chun sochair teaghlaigh strainséartha,

11. Agus déanfaidh tú osna i ndeireadh do shaoil,nuair a bheidh do cholainn is d'fheoil caite;

12. Agus déarfaidh tú: “Nach agam a bhí fuath don smacht!agus an drochmheas i mo chroí agam ar gach ceartú.

13. Níor éist mé le glór mo mháistrí,ná níor thug mé cluas do mo lucht teagaisc.

14. Táim anois in umar na haimléisei bhfianaise an chomhthionóil go léir.”

15. Ól uisce as do thaiscumar féin,agus fíoruisce as do thobar féin.

16. [Ná] lig do do thoibreacha sceitheadh amú,ná do do shrutháin sníomh trí na sráideanna.

17. Fágtar fút féin amháin iad,agus ní faoi strainséirí san am céanna.

18. Go raibh beannacht ar fhoinse do thobair!agus bíodh suáilceas agat i gcomhluadar na mná a phos tú i d'óige,

19. Eilit chórach, fia maisiúil;[bíodh sise mar chuideachta agat;]bíodh a cíochasan mar shólás agat i gcónaí,agus a grásan i gcónaí do do chuibhreach.

20. Cén fáth, a mhic, go meallfadh bean dheoranta thú,agus go mbéarfá barróg ar bhrollach strainséir mná?

21. Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna,agus faireann sé a shlite go léir.

22. Bíonn cionta an urchóidigh mar ghaiste ina thimpeall,agus gabhtar é i líonta a pheaca féin.

23. Faigheann sé bás cheal smachta,agus téann sé amú le barr baoise.