Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 31:7-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.

8. Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,agus ar son chearta cách atá treigthe.

9. Labhair féin! tabhair breith chóir!cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.

10. Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?Is luachmhaire í ná péarlaí.

11. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.

12. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dóar feadh a saoil.

13. Lorgann sí olann agus líon,agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.

14. Is geall le hárthach ceannaí íagus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin.

15. Déanann sí mochóirí roimh láagus tugann bia dá teaghlach,agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí.

16. Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach;cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha.

17. Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim,agus taispeánann fuinneamh a géag.

18. Feiceann sí gur maith is fiú é a saotharagus ní mhúchtar a lampa san oíche.

19. Coinníonn sí an coigeal ina láimhagus beireann a méireanna ar an bhfearsad.

20. Caitheann sí go fial leis an duine dearóil,agus tugann sí déirc don duine bocht.

21. Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach,mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 31