Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

Briathra Lamúéil

1. Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó.

2. Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne?Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?

3. Ná caith do neart go léir le mná,ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.

4. Ní dual do ríthe, a Lamúéil,ní dual do ríthe fíon a ól,ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.

5. Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh,agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.

6. Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis,agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;

7. Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.

8. Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,agus ar son chearta cách atá treigthe.

9. Labhair féin! tabhair breith chóir!cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.

An Bhean gan Cháim

(Dán Aibítreach san Eabhrais)

10. Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis í a fháil?Is luachmhaire í ná péarlaí.

11. Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.

12. Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dóar feadh a saoil.

13. Lorgann sí olann agus líon,agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.

14. Is geall le hárthach ceannaí íagus í ag tabhairt a cuid bia ón imigéin.

15. Déanann sí mochóirí roimh láagus tugann bia dá teaghlach,agus riarann a gcúraimí ar a cuid ionailtí.

16. Déanann sí gort a iniúchadh agus é a cheannach;cuireann sí fíonghort lena mbíonn saothraithe aici lena lámha.

17. Cuireann sí a neart mar chrios faoina coim,agus taispeánann fuinneamh a géag.

18. Feiceann sí gur maith is fiú é a saotharagus ní mhúchtar a lampa san oíche.

19. Coinníonn sí an coigeal ina láimhagus beireann a méireanna ar an bhfearsad.

20. Caitheann sí go fial leis an duine dearóil,agus tugann sí déirc don duine bocht.

21. Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach,mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.

22. Déanann sí a cuilteanna féin,agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.

23. Bíonn a fear céile faoi dhea-mheas ag geataí na cathrach,nuair a shuíonn sé i gcomhluadar sheanóirí na tíre.

24. Déanann sí braillíní a fhí agus a dhíol,agus tugann sí criosanna don cheannaí.

25. Bíonn neart agus dínit mar bhrat uimpi,agus ní cás di gáire faoin lá amárach.

26. Nuair a osclaíonn sí a béal, déanann sí é le stuaim;agus tá teagasc caoin ar a beola.

27. Coimeádann sí súil ghéar ar a teaghlach,ní chaitheann sí bia an díomhaointis.

28. Éiríonn a clann ina seasamh, agus fógraíonn siad gur méanar di;canann a fear céile moladh di:

29. “Rinne mórán ban éachtaí atá le moladhach sáraíonn tusa iad go léir.”

30. Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht;is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.

31. Tugaigí di toradh a saothair,agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach.