1. Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó.
2. Céard é seo, a mhic? Céard é seo, a mhic mo bhroinne?Céard é seo, a mhic mo mhóideanna?
3. Ná caith do neart go léir le mná,ná do [leasracha] leis an lucht millte ríthe seo.
4. Ní dual do ríthe, a Lamúéil,ní dual do ríthe fíon a ól,ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.
5. Le heagla go ndéanfaidís dearmad le barr óil, ar gach a reachtaíodh,agus satailt ar chearta na n‑ainniseoirí.
6. Tabhair deoch chrua don té atá ag saothrú an bháis,agus fíon don chroí atá lán de dhomlas;
7. Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste,agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.
8. Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin,agus ar son chearta cách atá treigthe.
9. Labhair féin! tabhair breith chóir!cosain cearta na mbocht, agus na ndealbh.