Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 29:7-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht,ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.

8. Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,ach cuireann saoithe srian le fearg.

9. Téadh saoi chun argóna le daoi,ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.

10. Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.

11. Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge,ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

12. Má éisteann rialtóir le héitheach,beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.

13. Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile;cuireann an Tiarna léas ina súile araon.

14. Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas,bunófar a ríchathaoir go brách.

15. Bronnann an bata agus an ceartú gaois,ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.

16. Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca;ach feicfidh na fíréin ar lár iad.

17. Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit;cuirfidh sé áthas ar do chroí.

18. San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian;ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.

19. Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor;fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.

20. An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach?tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.

21. An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige,eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.

22. Adhnann an fear drochmhianaigh achrann,agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

23. Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt,ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.

24. Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin;cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 29