Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál,bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

2. Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal;nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

3. An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair;ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.

4. Daingníonn rí a thír lena cheartas,ach milleann an feallaire é.

5. An té a thugann bladar dá chomharsa,leathann sé líon faoina chosa.

6. Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

7. Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht,ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.

8. Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,ach cuireann saoithe srian le fearg.

9. Téadh saoi chun argóna le daoi,ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.

10. Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.

11. Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge,ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

12. Má éisteann rialtóir le héitheach,beidh a fheidhmeannaigh uile ina ropairí.

13. Castar an bochtán agus an t‑úsaire ar a chéile;cuireann an Tiarna léas ina súile araon.

14. Má thugann rí breith ar na boicht le cothromas,bunófar a ríchathaoir go brách.

15. Bronnann an bata agus an ceartú gaois,ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.

16. Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca;ach feicfidh na fíréin ar lár iad.

17. Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit;cuirfidh sé áthas ar do chroí.

18. San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian;ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.

19. Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor;fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.

20. An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach?tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.

21. An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige,eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.

22. Adhnann an fear drochmhianaigh achrann,agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

23. Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt,ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.

24. Tá fuath ag comrádaí an ghadaí dá bheo féin;cluineann sé an mhallacht ach ní sceitheann.

25. Is gaiste é eagla roimh dhaoine,ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.

26. Is iomaí duine a bhíonn ag lútáil le rialtóir,ach is ón Tiarna a fhaigheann gach duine a cheart.

27. Is fuath leis an bhfíréan an coirpeach;agus is fuath leis an urchóideach an té is díreach slí.