Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 29:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál,bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.

2. Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal;nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

3. An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair;ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.

4. Daingníonn rí a thír lena cheartas,ach milleann an feallaire é.

5. An té a thugann bladar dá chomharsa,leathann sé líon faoina chosa.

6. Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh,ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.

7. Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht,ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.

8. Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha,ach cuireann saoithe srian le fearg.

9. Téadh saoi chun argóna le daoi,ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.

10. Is fuath le lucht fola an fear gan cháim,ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.

11. Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge,ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 29