Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 28:5-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.

6. Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.

7. Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.

8. An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

9. An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,is gráiniúlacht fiú a urnaí.

10. An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilctitfidh sé isteach ina chuithe féin.Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.

11. Is críonna é an saibhir, dar leis féin,ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.

12. Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir;nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.

13. Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta;ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

14. Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí,ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.

15. Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,drochrialtóir ar phobal bocht.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 28