Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Teitheann an t‑urchóideach agus gan aon duine sa tóir air;tá an fíréan chomh cróga le leon.

2. Bíonn rialtóirí ina scuainí ag tír de bharr a pheacaí;ach is fada buan a mhairfidh sé má bhíonn rialtoirí tuisceanacha eagnaí aige.

3. An bochtán a luíonn ar na bochtáin,is geall le batharnach báistí é nach bhfágann ruainne le n‑ithe.

4. Lucht tréigthe an dlí, molann siad na hurchóidigh;ach an mhuintir a chomhlíonann é, cuireann siad ina n‑aghaidh.

5. Ní thuigeann na hurchóidigh cad is cóir ann,ach tuigeann lucht eagla an Tiarna gach ní.

6. Is fearr fear bocht a shiúlann san fhíréantacht,ná fear saibhir na mbealaí claon.

7. Mac gaoismhear a choimeádann an dlí,ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.

8. An té chuireann lena mhaoin le caimiléireacht agus le húsaireacht,is do dhuine eile a scaipfidh ar na boicht a dhéanann sé cnuasach.

9. An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí,is gráiniúlacht fiú a urnaí.

10. An té a chuirfidh an fíréan ar seachrán ar bhealach an oilctitfidh sé isteach ina chuithe féin.Siad an mhuintir neamhchiontach oidhrí an tsonais.

11. Is críonna é an saibhir, dar leis féin,ach béarfaidh an bocht air má bhíonn tuiscint ann.

12. Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir;nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.

13. Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta;ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

14. Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí,ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.

15. Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach,drochrialtóir ar phobal bocht.

16. An rialtóir gan stuaim, is fear leatroim é;an té ar fuath leis an tsaint, gnóthóidh sé fad saoil.

17. An té ar a bhfuil fuil duine eile,beidh sé ina theifeach go bás; ná tabhair cabhair dó.

18. Déanfar an té a shiúlann san fhíréantacht a fhuascailt;ach an té a bhíonn go guagach idir dhá bhealach, titfidh sé ar cheann acu.

19. Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún,ach raidhse bochtaine ag an té a leanann beartais bhaotha.

20. Beidh beannachtaí go líonmhar ar an bhfear ionraic,ach an té a bheidh ag iarraidh éirí saibhir go tapa, ní rachaidh sé gan phionós.

21. Ní maith é leathchuma a dhéanamh ar aon duine;ach déanfaidh daoine éagóir ar son ghreim aráin.

22. An fear santach súil, téann sé sa tóir ar an saibhreas;ach ní eol dó cén ghannchúis a bhuailfidh é.

23. An té a cheartaíonn duine eilegheobhaidh sé níos mó fabhair ar deireadh ná fear an bhladair.

24. An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: “Ní aon éagóir é sin!”is comrádaí do bhithiúnach é.

25. Spreagann an santach achrainn;an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.

26. An té a bhfuil a mhuinín aige as a smaointe féin, is amadán é;ach déanfar an té a shiúlann ar chosán na heagna a fhuascailt.

27. An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche;ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.

28. Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach,ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.