Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 25:12-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre,sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.

13. Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhairan teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta;cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.

14. Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne,sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh.

15. Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne;briseann béal bán cnámh.

16. Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di,ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.

17. Téigh go hannamh go teach do chomharsan,le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.

18. Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géaran té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.

19. Is cuma nó fiacail lofa nó cos leontafear gan dílseacht ar a mbeifí ag brath in am an ghátair;

20. bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann.Is cuma nó fínéagra a chur i gcréachtamhráin a chasadh do chroí duairc.

21. Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó;nó tart, tabhair braon le n‑ól dó.

22. Beidh sméaróidí tine á gcarnadh agat ar a cheann sa tslí sin,agus déanfaidh an Tiarna é a chúiteamh leat.

23. Tagann fearthainn ó bhroinn na gaoithe aduaidh,agus muc ar an malainn ó theanga an bhéadánaí.

24. Is fearr cur fút i gcúil sa lochta,ná bheith in aontíos le bean achrainn.

25. Is cuma nó uisce fuar i scornach thirim,dea-scéala ón gcoigríoch.

26. Is cuma nó tobar a suaitheadh nó foinse a truailleadh,an fíréan a chúbann roimh an urchóideach.

27. [Ní maith í póit mheala,ná géilleadh do bhladar.]

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 25