Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 25:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seanfhocail le Solamh iad seo inár ndiaidh freisin agus is é Hiziciá, rí Iúdá, a bhreac cóip díobh.

2. Rún a cheilt glóir Dé,ach é a ransú go grinn glóir ríthe.

3. Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh,níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.

4. Scag an dríodar ón airgeadagus tiocfaidh sé amach glan.

5. Díbir na hurchóidigh ó láthair an ríagus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.

6. Ná bíodh mustar ort i láthair an rí,agus ná seas in áit na bhflatha,

7. Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,”ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa.An rud a chonaic do shúile,

8. ná sceith é go róthobann sa chúirt.Óir céard a dhéanfaidh tú ar deireadhmá bhréagnaíonn do chomharsana thú?

9. Tagair do chúis le do chomharsa,ach ná sceith rún duine eile,

10. Le heagla go ndéanfaidh an té a chluinfeadh thú é a chasadh leat,agus go gcaillfeá do chlú go léir.

11. An focal i luí gaidhte,is cuma é nó úlla óir i leaba airgid.

12. Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre,sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.

13. Is cuma nó fionnuaire sneachta fómhairan teachtaire a bhíonn dílis do lucht a sheolta;cuireann sé misneach i gcroí a mháistir.

14. Scamaill is clocha, ach gan braon fearthainne,sin mar atá ag fear na ngealltanas mór gan comhlíonadh.

15. Is féidir breitheamh a bhogadh le foighne;briseann béal bán cnámh.

16. Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di,ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.

17. Téigh go hannamh go teach do chomharsan,le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.

18. Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géaran té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 25