Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 20:1-7 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua;níl aon chiall ag an té a mheallann sé.

2. Is geall le glam leoin fearg rí,agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.

3. Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint,ach beidh gach amadán ag achrann.

4. Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir;beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó.

5. Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh;níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.

6. Is iomaí duine a deir go bhfuil sé féin dílis,ach cé a aimseoidh fear inmhuiníne?

7. An fíréan a bhfuil a bhealaí gan cháim,is méanar dá chlann ina dhiaidh.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 20