Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 16:5-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Is fuath leis an Tiarna an croí uaibhreach,bí deimhin de nach rachaidh sé gan phionós.

6. Déantar leorghníomh sa pheaca trí dhílseacht agus seasmhacht;seachnaíonn fear an t‑olc le heagla an Tiarna.

7. Nuair a thugann bealaí duine taitneamh don Tiarna,déanann sé cairde fiú dá eascairde.

8. Is fearr an beagán agus an chóirná an mórán agus an éagóir.

9. Beartaíonn duine a chúrsa ina chroíach sé an Tiarna a threoraíonn a chéimeanna.

10. Tagann oracail ó bhéal an rí,ní dhéanann sé dearmad nuair a fhógraíonn a bhreith.

11. Is leis an Tiarna an mheá agus na scálaí cothroma;is é a rinne na meáchana uile sa mhála.

12. Is gráin le ríthe an t‑olc a dhéanamh,mar is í an fhíréantacht is bonn faoin ríchathaoir.

13. Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta;bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.

14. Teachtaire báis fearg rí,ach déanfaidh an t‑eagnaí í a cheansú.

15. Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí,agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.

16. Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór;tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.

17. Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc;an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 16