Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 15:8-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh;is gean leis urnaí an fhíréin.

9. Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh,ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.

10. Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán;an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.

11. Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna,nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!

12. Ní maith leis an scigire é a cheartú,agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.

13. Gabhann gealgháire le háthas croí,ach briseann cumha chroí an misneach.

14. Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh,ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n‑amadán.

15. Is drochlá gach lá ag fear na buairte,ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 15