Caibidlí

  1. 1
  2. 2
  3. 3
  4. 4
  5. 5
  6. 6
  7. 7
  8. 8
  9. 9
  10. 10
  11. 11
  12. 12
  13. 13
  14. 14
  15. 15
  16. 16
  17. 17
  18. 18
  19. 19
  20. 20
  21. 21
  22. 22
  23. 23
  24. 24
  25. 25
  26. 26
  27. 27
  28. 28
  29. 29
  30. 30
  31. 31

Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cuireann freagra séimh an fhearg ar gcúl,ach músclaíonn briathra borba cuthach.

2. Riarann teanga na n‑eagnaí eolas,ach bíonn baois ar sileadh le béal na n‑amadán.

3. Tá súile an Tiarna i ngach treo,agus faire acu ar olc agus maith.

4. Crann beatha í teanga shéimh,ach briseann an urchóid inti an croí.

5. Bíonn drochmheas ag an amadán ar theagasc a athar,ach is gaoismhear é an té a ghlacann le ceartú.

6. Tá mórán maoine i dteach an fhíréin,ach leanann buairt cnuasach an choirpigh.

7. Scaipeann beola na saoithe eolas;ní mar sin le croí na n‑amadán.

8. Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh;is gean leis urnaí an fhíréin.

9. Is gráin leis an Tiarna bealach an urchóidigh,ach is gean leis an té a mbíonn tóir aige ar an bhfíréantacht.

10. Tá smachtú dian i ndán don té a thréigeann an cosán;an té ar fuath leis an ceartú, ní mhairfidh sé beo.

11. Tá Seól agus Abadón ar leathadh roimh an Tiarna,nach mó ná sin atá croíthe na ndaoine!

12. Ní maith leis an scigire é a cheartú,agus ní bhíonn caidreamh aige ar lucht na heagna.

13. Gabhann gealgháire le háthas croí,ach briseann cumha chroí an misneach.

14. Eolas is sprioc ag aigne an duine thuisceanaigh,ach baois an bia a bhíonn i mbéal na n‑amadán.

15. Is drochlá gach lá ag fear na buairte,ach is fleá gach lá ag an gcroí suairc.

16. Is fearr an builín beag agus eagla an Tiarnaná an builín mór agus buairt dá réir.

17. Is fearr de bhéile luibheanna agus grá leoná mart méith agus gráin leis.

18. Adhnann an duine lasánta achrann,ach réitíonn an duine sochma aighneas.

19. Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí,ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].

20. Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair,ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.

21. Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois,ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.

22. Gan dea-chomhairle téann na pleananna amú,ach ritheann leo le cabhair mórán comhairleoirí.

23. Gabhann áthas le freagra pras,agus nach maith é an focal i dtráth!

24. Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha,agus seachnaíonn sé Seól laistíos.

25. Leagann an Tiarna teach na n‑uaibhreach ar lár,ach cosnaíonn sé teorainneacha na baintrí.

26. Is gráin leis an Tiarna smaointe an choirpigh,ach is [gean leis] caint na neamhchiontach.

27. An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach;ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

28. Déanann an fíréan machnamh ina chroí [ar bhearta fónta],ach sníonn mailís as béal lucht na hurchóide.

29. Is fada é an Tiarna ó na hurchóidigh,ach tugann sé cluas d'urnaí an fhíréin.

30. Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí,agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha.

31. An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin,beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe.

32. An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin;an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana.

33. Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna;gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.