Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Seanfhocal 15:31-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. An té a thugann cluas ghéar do cheartú folláin,beidh fáilte roimhe i gcomhluadar na saoithe.

32. An té a dhiúltaíonn don smacht, níl meas aige air féin;an té a éisteann le ceartú faigheann sé breis tuisceana.

33. Is teagasc san eagna é eagla an Tiarna;gabhann an umhlaíocht roimh an onóir.

Léigh chaibidil críochnaithe Seanfhocal 15